ALBAM NUA ar fáil go luath... Tuilleadh eolas anseo! (Nó éist leis an seinnteoir taobh thuas)
(08/05/19) Tar eis a lán blianta ciúine, tháinig an banna miotal-throm Íarthair Chorcaí is fearr ar ais le albam nua: 'Dair'. Tá an albam cúig is daichead nóiméad ar a fhad, agus is fiú fanacht le! Tá bród orainn go mbeimid ag scaoileadh dlúdhíosca speisíalta (digipak), agus go mbeidh póstaer ar fáil i ngach ceann. Beidh ealaínn albaim agus liricaí as gaeilge is as béarla ar gach ceann. Beidh sé sin ar fáil ar Bandcamp agus ar an siopa a táimid ag ullmhú leis an suíomh. Feic ar an seinnteoir (ríomhaire deisce amháin, gábh ár leathscéal) ag barr ar dheis an leathan seo chun sampla beag a éisteacht! Tá Físeán don Albaim Nua ar fáil san roinnt Meáin fresin. Bain taitneamh/tríail as! Beidh breis eolas faoi an lá fógartha den albam, agus an lá go mbeimid ag oscailte ár siopa idirlíon, anseo go luath. Beidh an albam nua ar fáil ar ár siopa amháin. Beir bua a chairde, agus tóg go bog é!
(22/03/19) Tarluithe iontach anseo i dtír Corr Mhónaigh; táimid ag deanamh ár siopa idirlíon fhéin ag an am seo. Beidh an siopa sin ar fáil ar an suíomh seo go luath. Baileofar gach airgead as an méid díolachán trid an siopa le h-aghaidh an banna. De bhárr sin, beimid in ann ár léinte agus dlúthdhíoscaí (ed ón) a díolaim níos saoire! Beidh sibh in ann ag dul isteach leis an 'Siopa' táb san navbar ag barr an leathan seo (níl sé ar fáil fós). Beidh níos mó eolas den scoth againn go luath... Bígí ag éisteacht linn!
(22/11/18) Tá bród ag Corr Mhóna a bheith in ann ag seinm arís ar an stáitse ag an Siege of Limerick an 21ú Aibreán seo chugainn! Is buaicphointe é don féilire an feis leathbhliantúil seo i gCathair Luimnigh. Téann na plódaithe daoine (bhuel, an lucht leanúna miotal trom Éireannach go h-iomláin ar aon nós!) go dtí an cathair le h-aghaidh an deireadh seachtaine saoire bainc. Beidh sé sin ár tríu am ag seinm ag an féile, agus bionn sé ag feabhsú agus ag fás gach am. Tá sé dochreidte go bhfuil an féile seo agus na sár-banna ceoil a mbíonn ar fáil ansin fós saor in aisce, céad fán gcéad. Beimid ag scaoileadh cúpla amhráin nua den iall ag an ceolchoirm seo as an albam atá le teacht. Mar gheall ar sin, má is maith leat iad a chloiseant, bígí ann agus bígí ullamh!