(2014) Is é seo tús an scéil. Do chuir Corr Mhóna iadsan in aithne don pobail ceoil agus iad ag scaoileadh An Chéad Thríail. Do bhí an demo seo déanta sa bhaile, agus tá sé sin go follasach; tá loime agus macántacht le éisteacht ar an taifeadadh. Níl ach trí amhrán le fáil ar, gach ceann acu a bhí ath-taifeadta ar Corrguíneacht i 2016. Do chraol an demo amach gur tháinig Corr Mhóna ag an saol cheol an taobh thuathail.
(2016) Do bhí Corr Mhóna ag eirí níos dáiríre leis a gcéad e.p. Corrguíneacht. Do thaifead siad é sa stiúideo mar cheird, agus tá go leor comhairlí ceoil agus stíleanna cruthaitheach le éisteacht anseo; tabhair siad cuma difriúil ar an banna. Tá an dlúthdhiosca 35 nóiméad ar fad, le seacht amhráin. De bhárr sin, tá Corrguineacht níos fada ná aon e.p. samhlachúil, agus tá sé le taispéant ar gur raibh riaráiste ábhartha ag an banna ar dtús an tionscnaimh. Do fhuair Corrguíneacht léirmheasanna dearfacha i nÉirinn agus thar lear, ceann acu as an irisleabhar cáiliúil Terrorizer san áireamh. (Cliceáil anseo chun amhrán as Corrguíneacht a éisteacht).
(2019) Is é Dair a bfhuil an chéad albam de Corr Mhóna, cé go mbeidh scaoltar amach níos déanaí sa bhlíain seo. Is turas atmaisféarach trí radharcanna drochthuar agus doiléir é Dair, go raibh cuir i gcrích tar eis trí blíain cumtha agus taifeadaidh. Tá an CD scríofa cathain a bhí an baill Corr Mhónaigh scaipthe ar fud an domhan, agus taispeánann an ceol an díshondas agus an aighneas atá scaoiltear den iall mar gheall ar na deacrachtaí cruthaitheach seo. Lán le dorchadas is solas, le go leor amhránaí, stíleanna guthaí agus pasáiste codarsnach, taispéanann Dair foirfeacht agus muinín de banna ceol atá in ard a réime. (Feic ar an físeán don albaim nua ar ár leathanach baile, nó bí ag éist leis an seinnteoir atá ar fáil ag barr an leathanach seo [ríomhaire deisce amháin]).